St. Joseph's
Grammar School, Donaghmore

Educating For the Future Since 1922
Scoil Iósaef
Fáilte / Welcome
Is am corraitheach é an t-aistriú ón bhunscoil chuig ‘an scoil mhór’ agus geallaim daoibh go mbeidh eispéireas iontach ag do mhac/iníon linn i Scoil Iósaef. Is sruth uile-chumais é Sruth na Gaeilge agus táimid tiománta do shárchaighdeán scolaíochta a chur ar fáil do Scoláirí an tSrutha. Gheobhaidh do pháiste neart deiseanna barr a gcumais a bhaint amach sa seomra ranga agus sna himeachtaí seach-churaclaim a bhíonn ar fáil. Tá blianta corraitheacha romhainn anseo i Scoil Iósaef. Tá plean forbartha ar na bacáin chun uimhreacha iontrálacha an tSrutha a mhéadú, soláthar EC4 a leathnú agus a fhorbairt, agus deiseanna chomhoibriú le pobal na Gaeilge a chaomhnú agus a neartú.

Guímis gach rath agus bláth oraibh agus má bhíonn aon cheisteanna agaibh, mholfainn daoibh dul i dteagmháil linn.
Beirigí bua,
Mr Dessie Tennyson
Múinteoir Sinsearach, Ceann an tSrutha
Transferring to ‘big school’ is an exciting time and I promise you that your son/daughter will have a superb educational experience here in Scoil Iósaef. Sruth na Gaeilge is an all-ability stream dedicated to providing excellent educational opportunities to IMS students both inside and outside the classroom. I am genuinely excited by the opportunities that lie ahead of us here in Scoil Iósaef. We have recently published plans to expand our IMS intake and are currently developing and extending our KS4 provision as well as strengthening our relationships with the Irish language community here in Mid-Ulster.
We wish you well and if you have any questions, I would encourage you to get in touch.
Beirigí Bua,
Mr Dessie Tennyson
Senior Teacher, Head of IMS

